
Móroíche Filíochta agus Ceoil | Gala Poetry and Music Night

In partnership with IMRAM.
This event takes place in the Bartley’s Lounge, Grafton Hotel. This is an 18+ event.
Tá an-ghontacht sa chnuasach nua ó Louis de Paor, Cé a Mharaigh Emma Mhic Mathúna? a mbeifeá ag súil leis ó shárfhile. Tugann Rince Aeir le Caitríona Ní Chléirchín ar thuras beatha sinn trí bhóithre corracha an ghrá agus an uaignis. Is geall le haislingí beaga na dánta sa chnuasach I Muinín na nDúl le Máire Dinny Wren; seoda smaointeoireachta, criostalaithe i bhfoirm an haiku, Is amhránaí agus seinnteoir bouzouki as é Macdara Ó Faoláin, a bhfuil aitheantas bainte amach aige as a chur chuige nuálach i gceol traidisiúnta na hÉireann.
Is máistir ar an liric ghearr é Louis de Paor, dar leis an gcriticeoir Máirín Nic Eoin, a chruthaíonn nasc teann d’íomhánna a chuireann daoine, eachtraí nó caidrimh in iúl. Tá go leor duaiseanna liteartha an Oireachtais bronnta ar de Paor thar na blianta; bhuaigh a chéad chnuasach, Próca solais is luatha (Coiscéim, 1988) Duais an Ríordánaigh, duais atá buaite arís eile aige ó shin. I measc a chuid cnuasaigh eile tá 30 Dán, Corcach agus dánta eile agus Agus rud eile de. Grá Fiar/Crooked Love an cnuasach is déanaí uaidh.
Is duine de na nuafhilí Gaeilge is mó a chuaigh i bhfeidhm ar léitheoirí na Gaeilge san 21ú haois í Caitríona Ní Chlérichín is one of Ireland’s most exciting new poets. Her collections include . Chomh maith leis an dá chnuasach a thuill clú di, is é sin Crithloinnir agus An Bhrídeach Sí, rinne Peter Fallon aistriúchán Béarla ar shaothar léi sa leabhar The Talk of the Town. Fuair sí ardmholadh ó mholtóirí Dhuais an Airtnéidigh nuair a tharraing siad aird ar chumas Chaitríona a bheith sa bhaile sa saol comhaimseartha agus ar a suaimhneas chomh maith agus í ag plé le hÉirinn an 17ú haois, dánta pearsanta atá ar maos sa mhiotaseolaíocht. Dhein Caitríona leaganacha mealltacha de shaothair na bhfilí clasaiceacha Sappho agus Óivid chomh maith do léirithe ilmheánacha stáitse IMRAM.
Tá cónaí ar Mháire Dinny Wren chois abhainn na Cláidí faoi scáth na hEaragaile i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill. Is file agus gearrscéalaí í. D’fhoilsigh Coiscéim a céad bhailiúchán filíochta, Ó Bhile go Bile (2011) agus d’fhoilsigh Éabhlóid a dara bailiúchán filíochta Tine Ghealáin (2019). D’fhoilsigh Éabhlóid a céad chnuasach gearrscéalta, Go mbeinnse choíche saor (2016) agus a tríú cnuasach dánta I Muinín na nDúl (2025). Tá saothair léi foilsithe in irisí ar nós Duillí Éireann, Comhar agus Feasta.
Is ceoltóir agus déantasóir uirlise ó Rinn Ua gCuanach i gContae Phort Láirge é Macdara Ó Faoláin.
To hear first about our future events sign up to our newsletter here.